Ceist na Gaeilge i gcás ‘The Cosmo’

24Dec08

Cuireadh ceist le déanaí conas a mbeifear in ann an Ghaeilge a chur san áireamh sa chlár seo, agus tugann an blag seo an deis dom é sin a fhreagairt go hoifigiúil.

Clár raidió is ea The Cosmo atá dírithe ar an bpobal LADT (i. Leispiach, Aerach, Dhághnéasach agus Trasinscneach) in Éirinn. Mar gheall ar sin, ní féidir miontheanga a úsáid agus an clár ar freastal ar mhionphobal áirithe cheana féin. Dá mba rud é go raibh an clár go hiomlán as Gaeilge, ghearrfeadh sé síos an méid sin éisteoirí don gclár. Mar sin, chun an méid éisteoirí is mó a fháil, baintear (agus bainfear) úsáid as an mBéarla mar ghnáth-theanga an chláir, cé go mbeadh roinnt mhaith Gaeilge á labhairt taobh leis.

Mar Ghaeilgeoir, ba mhian liom a bheith dílis leis an teanga seo. Mar láithreoir ar chlár raidió mionphobail, caithim freastal ar an bpobal iomlán sin agus gan aon bhacanna tuisceana á chur orthu. Mar sin, is deacair meá a bheith agam idir mo chuid suimeanna pearsanta agus aidhmeanna an chláir é féin.

Tá súil go mbainfear an meá seo amach go luath, agus go mbeadh ’chuile duine a éisteoidh leis an gclár go sona sásta. Déanfaidh muid ár ndícheall.

Le meas,

Scott De Buitléir

Léiritheoir / Láithreoir an Chláir

Advertisements


No Responses Yet to “Ceist na Gaeilge i gcás ‘The Cosmo’”

  1. Leave a Comment

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s


%d bloggers like this: